Sign in
Register
IARRATAS AR DHEONTAS OIDEACHAIS POBAIL 2025
Deadline
{{ '2025-01-10T13:00:00.000Z' | date: "EEEE, MMMM d, y 'at' h:mm a" }}
Description
Cur Síos
Cuireann seirbhís Oideachais Phobail GRETB tacaíocht ar fáil do ghrúpaí pobail trí mhaoiniú deontais a sholáthar chun cúrsaí oideachais pobail a sholáthar bunaithe ar riachtanas/spéis foghlaimeoirí.
CUSPÓIR
Is é cuspóir na Scéime Deontais Oideachais Phobail ná tionscnaimh oideachais pobail a chur chun cinn agus/nó a fhorbairt i suíomhanna pobail áitiúla. Féachann an Scéim Deontais Oideachais Phobail le deiseanna a chruthú do dhaoine a gcuid riachtanas foghlama a aithint, foghlaim ina bpobail féin agus tacú le bealaí dul chun cinn ón mbonn tábhachtach sin sa phobal, agus ar an gcaoi sin pobail a ghabháil i bpróiseas cumhachtaithe agus athraithe.
AIDHM
Go mbeidh na daoine sin is eisiata páirteach i gcúrsaí oideachais pobail chun go gcothófaí a muinín, go gcumasóaí mar dhaoine aonair iad a bheith páirteach san oideachas agus cabhrú le forbairt a bpobal.
CUSPÓIRÍ
Cinntiú go mbeidh na pobail sin is mó atá eisiata páirteach i dtionscnaimh oideachais pobail;
Daoine a chumhachtú chun bheith páirteach i dtionscnaimh oideachais agus i saol an phobail;
Dul chun cinn a spreagadh do ghrúpaí nó do dhaoine aonair nuair is cuí;
Eolas agus taighde a bhailiú chun cur le samhlacha dea-chleachtais agus chun faisnéis a roinnt;
Foghlaimeoirí a spreagadh tuiscint a fháil ar an timpeallacht shóisialta agus pholaitiúil ina maireann siad
.
SPRIOCGHRÚPA
·
Luathfhágálaithe Scoile
·
Dífhostaithe go Fadtéarmach
·
Daoine atá i mbun tuismitheoireachta ina n-aonar
·
Mí-úsáideoirí Substaintí
·
Imircigh/Iarrthóirí Tearmainn/Dídeanaithe
·
Daoine Dífhostaithe, Oibrithe Ócáideacha/Séasúracha
·
Daoine faoi Mhíchumas
·
LGBTQI+
·
Iar-Chiontóirí
·
Baill den Lucht Siúil
·
Daoine gan dídean
·
Daoine Scothaosta
·
Daoine le scileanna ísle nach bhfuil páirteach san fhórsa saothair
·
Fir agus Mná faoi Mhíbhuntáiste, go háirithe iad siúd a chónaíonn i gceantair iargúlta
·
18-25 Bliain d'aois agus an t-oideachas fágtha acu
·
Grúpaí eile a mheasann tú a bheith incháilithe
DEONTAS OIDEACHAIS PHOBAIL
Gheobhaidh na hiarratasóirí rathúla leithdháileadh deontais chun cabhrú leo costas na gcúrsaí sin atá comhaontaithe leis an tseirbhís a chlúdach. Beidh na grúpaí freagrach as teagascóir a fhostú agus as gach gné eile de reáchtáil an chúrsa. I measc na gcostas is féidir leis an maoiniú a chlúdach áirítear:
• Costais Teagascóra (ní mór íosmhéid 70% den deontas a leithdháiltear a chaitheamh ar tháillí teagascóra);
• Seomra ar cíos;
• Ábhair;
• Poiblíocht;
• Soláistí.
RÓIL & FREAGRACHTAÍ AN GHRÚPA PHOBAIL
·
Teagascóir a fhoinsiú agus a íoc chun cúrsa comhaontaithe a sheachadadh.
·
Riachtanais foghlama bhaill an ghrúpa a aithint.
·
Foghlaimeoirí incháilithe, nach mór dóibh a bheith os cionn 18 mbliana d’aois, a earcú don chúrsa.
·
Ionad a fháil agus ábhair foghlama a sholáthar don chúrsa.
·
Oibriú leis an teagascóir lena chinntiú go gcomhlánaítear Foirmeacha Clárúcháin agus Bileoga Rolla
Teastaíonn Uimhreacha Pearsanta Seirbhíse Poiblí (PPS), Dáta Breithe, Stádas Oideachais agus Sonraí Eacnamaíocha. Teastaíonn tuilleadh eolais agus síniú ó gach foghlaimeoir chun clárúchán a chinntiú. Ní cheadófar rannpháirtíocht gan an méid thuas a bheith críochnaithe.
·
Tacú le foghlaimeoirí nach bhfuil ag freastal ar an gcúrsa go rialta.
·
Cloí le gach reachtaíocht Sláinte agus Sábháilteachta ábhartha. Ní mór gach gníomhaíocht maoinithe ag an GRETB a dhéanamh de réir na reachtaíochta cuí Sláinte agus Sábháilteachta lena n-áirítear socruithe maidir leis an ionad, teagascóir, rannpháirtithe agus cuairteoirí.
·
Cloí le gach reachtaíocht agus nósanna imeachta sábháilteachta dóiteáin ábhartha.
RÓIL & FREAGRACHTAÍ AN GRETB
·
Pacáiste tosaigh a sholáthar don ghrúpa pobail a n-áireofar leis foirmeacha clárúcháin agus bileog rolla agus gach doiciméid ábhartha.
·
Buail leis an ngrúpa pobail chun ábhar, amchlár agus fad an chláir/an chúrsa a phlé.
·
Oibriú ar bhonn leantach leis an ngrúpa pobail lena chinntiú go bhfuil an páipéarachas ar fad críochnaithe agus seolta ar ais.
·
Scaoilfear leis an maoiniú a luaithe a sheoltar an páipéarachas ar ais. (Tabhair faoi deara le do thoil nach scaoilfear an maoiniú ach amháin nuair a chuirtear an páipéarachas ar fad ar ais agus seiceáil a bheith déanta ar an bhfoirm ioncaim agus caiteachais comhlánaithe)
Eligibility
Incháilitheacht
Tá an deontas ar fáil do ghrúpaí pobail ar mhaithe le hoideachas pobail atá faoi stiúir oibrithe deonacha agus a oibríonn le foghlaimeoirí fásta atá níos sine ná 18 mbliana d’aois.
TABHARFAR TOSAÍOCHT DO
Grúpaí pobail faoi stiúir oibrithe deonacha
Daoine fásta nach bhfuil acu ach cáilíochtaí foirmiúla ísle nó gan cáilíocht ar bith
Grúpaí atá ann cheana a bhfuil nuálaíocht á léiriú acu i roghnú cúrsaí agus i ndul i ngleic le baill nua.
MAOINIÚ
Is é an méid is mó deontais atá ar fáil in aghaidh an ghrúpa ná €2,200.
Má éiríonn le grúpa an deontas a fháil, scaoilfear 100% den leithdháileadh don ghrúpa tar éis na cúrsaí go léir a bheith críochnaithe agus gach tuairisceán i.e. bileoga rollaí, foirmeacha clárúcháin agus bileog ioncaim agus caiteachais a bheith curtha isteach.
Ní mór foirm EFT (Aistriú Leictreonach Airgid) a chur isteach gach bliain le gach iarratas.
Mura gcomhlánaítear na taifid seo, beidh tionchar aige ar mhaoiniú sa todhchaí.
NÍ MAOINIÚ AR FÁIL DO
Grúpaí nach bhfuil liostaithe sna spriocghrúpaí
Clubanna/Grúpaí Óige
Clubanna Spóirt
Sócmhainní/ábhair don ionad pobail féin, cosúil le ríomhairí, cócaireáin, boird srl;
Leabhair agus foilseacháin
Athmhaoiniú grúpaí le haghaidh na ngníomhaíochtaí céanna; ní mór do ghrúpaí dá leithéid bealaí chun cinn a aithint do rannpháirtithe nó a léiriú go soiléir go bhfuil baill nua ag gabháil lena leithéid de chúrsaí;
Cúrsaí ar féidir leo maoiniú a fháil ó fhoinsí eile
Ionaid oiliúna atá ag fáil maoinithe faoi láthair ó GRETB.
DÍCHÁILÍOCHT/COIMHLINT LEASA
Dícháileofar iarratas ar dheontas Grúpaí Pobail má dhéantar canbhasáil de chineál ar bith.
Ní féidir le teagascóirí molta a bheith ina gcomhaltaí den choiste iarratasóra, meastar gur coinbhleacht leasa é sin agus dícháileofar iad.
Ní féidir le teagascóirí molta cur isteach ar mhaoiniú, meastar gur coinbhleacht leasa é sin agus dícháileofar iad.
Ní féidir glacadh le hiarratais neamhiomlána; ní mór gach iarratas a bheith faighte faoin spriocdháta atá leagtha síos.
CÚRSAÍ CÁNACH
Seasamh GRETB maidir le gnóthaí cánach na gcomhlachtaí deonacha a fhaigheann cúnamh deontais:
Éilíonn na Coimisinéirí Ioncaim ar eagraíochtaí a fhaigheann idir €635.00 agus €6349.00 uimhir thagartha cánach a fháil mura bhfuil stádas carthanachta acu. Faightear é seo trí theagmháil a dhéanamh leis an oifig chánach áitiúil. Is í uimhir theileafóin na hoifige Cánach Dúiche ná 091 563041 nó Íosghlao 1890 777 425.
Ní mór d’eagraíochtaí deonacha uimhir thagartha cánach a thabhairt.
All Forms
Applications Closed
All Forms
IARRATAS AR DHEONTAS OIDEACHAIS POBAIL 2025
Deadline
{{ '2025-01-10T13:00:00.000Z' | date: "EEEE, MMMM d, y 'at' h:mm a" }}
Applications closed
NAVIGATION
Home
Sign in
Register
API Documentation
{{ page.show_title }}
{{ page.show_deadline }}
Login or create an account to continue