A. Réamhrá
Tá maoiniú deontais ar fáil in 2024 faoi Scéim Deontais le haghaidh Óige Ildánach na Gaillimhe agus Ros Comáin, arna riar ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin. Tacaíonn an scéim le forbairt cruthaitheachta leanaí agus óige i nGaillimh agus i Ros Comáin. Áirítear leis sin, ach níl sé teoranta dó, an cleachtas agus an phleanáil le haghaidh cruthaitheacht fheabhsaithe i measc na n-óg ar leibhéal áitiúil. Tá an scéim seo ann chun tionscadail chruthaitheacha le daoine óga a chur ar fáil in 2024.
Is é aidhm na scéime tacú le tionscadail chruthaitheacha faoi thionchar an phobail ar féidir le leanaí agus daoine óga rochtain a fháil orthu. Is féidir le tionscadail chruthaitheacha a fhaigheann tacaíocht faoin scéim deontais seo a bheith ionadaíoch d'aon disciplín cruthaitheach nó a bheith ildisciplíneach. Ní mór tionscadail a reáchtáil ag leibhéal an phobail agus a thairiscint mar dheis inar féidir le daoine óga a gcuid cruthaitheachta a léiriú agus, agus é sin á dhéanamh acu, a gcruthaitheacht ó dhúchas a fhorbairt chomh maith lena scileanna idirphearsanta agus cumarsáide.
Is é an aidhm atá ann go mbeidh tionscadail chruthaitheacha a thagann chun cinn á dtreorú ag daoine óga i dtaca le dearadh, seachadadh agus meastóireacht ar dhul chun cinn an tionscadail.
Trí UBU a chur ar fáil beidh deis ag daoine óga a gcuid tuairimí a léiriú ionas gur féidir leo tionchar a bheith acu ar chinntí a dhéantar maidir lena rannpháirtíocht sna tionscadail atá beartaithe. Ceadaíonn an scéim rannpháirtíocht daoine cruthaitheacha, ealaíontóirí, agus gairmithe cruthaitheacha ó réimse leathan na dtionscal cruthaitheach agus cultúir amhail na healaíona, ceardaíocht, na healaíona cócaireachta, dearadh, teicneolaíochtaí digiteacha, scannáin, Eolaíocht Teicneolaíocht Innealtóireacht agus Matamaitic, chomh maith le go leor réimsí eile.
Is é aidhm na scéime deontais deiseanna breise a chur ar fáil do dhaoine óga agus ba cheart go gcruthófaí deiseanna do dhaoine óga ar eispéiris, tionscadail agus gníomhaíochtaí níos cruthaithí i suíomh pobail áitiúil nach bhfuil ann faoi láthair. Is gá go léireodh na tograí ardleibhéal cruthaitheachta agus go spreagfar an chruthaitheacht mar nós i leanaí agus/nó i ndaoine óga. Ba cheart go dtabharfadh an togra deiseanna do leanaí agus/nó do dhaoine óga feabhas a chur ar a gcumas ceist a chur, naisc a chruthú, cur chuige nuálach agus samhlaíoch a ghlacadh i leith réiteach fadhbanna agus oibriú go héifeachtach le daoine eile.
Tacaíonn an scéim deontais le costais a bhaineann le reáchtáil tionscadal atá bunaithe ar na riachtanais a d’aithin daoine óga iad féin agus a d’aithin earnáil na hóige i gcoitinne. I measc na gcostas a chlúdaítear tá costais tuarastail (táillí agus pá), ionad a fháil ar cíos, iompar, ábhar cláir agus costais ghaolmhara reatha tionscadal. Tá Óige Ildánach na Gaillimhe agus Ros Comáin, chun tacú le deiseanna cruthaitheacha a fhorbairt do dhaoine óga i nGaillimh agus i Ros Comáin, ag iarraidh cabhrú le tionscnaimh inbhuanaithe agus spriocdhírithe tríd an scéim deontais.
Méid an Deontais: Uasmhéid an Deontais atá ar fáil €3000
B. Spriocghrúpa
Is leanaí agus daoine óga idir 10 agus 24 bliain d'aois é spriocfhócas na Scéime Deontais le haghaidh Óige Ildánach. Is daoine iad sin atá toilteanach páirt a ghlacadh i bpróiseas cruthaitheachta a fhaigheann tacaíocht ó ghrúpa, a chuirtear ar fáil i dtimpeallacht shábháilte thaitneamhach. Ní mór meas a bheith ar leanaí agus ar dhaoine óga, ní mór glacadh leo agus ní mór an próiseas rannpháirtíochta a threorú nuair is cuí. Caithfidh guth na n-óg agus ábharthacht na hóige a bheith lárnach san obair. Ní mór cosaint leanaí a chomhlíonadh agus cloí le treoirlínte Thús Áite do Leanaí. Ba cheart go léireodh ballraíocht na gníomhaíochta grúpa pobalbhunaithe guth gach linbh agus duine óg, lena n-áirítear iad siúd is annamh a chloistear. Ba cheart díriú ar chomhdheiseanna, éagsúlacht agus rochtain chomhionann. Níor cheart go mbeadh costas ina bhac ar rannpháirtíocht.
C. Eagraíochtaí agus Soláthraithe Seirbhíse Incháilithe:
Tá an scéim seo oscailte do Thionscadail atá Maoinithe ag UBU chun Cláir a chur i bhfeidhm a bhfuil cur chuige cruthaitheach acu.
NÓTAÍ TÁBHACHTACHA
Is é €3,000 an t-uasmhéid deontais atá ar fáil. Ní mór deontais a bhronntar a chaitheamh go hiomlán faoi mhí na Nollag 2024. Is féidir deontais a tharraingt anuas nuair a bheidh an tionscadal curtha i gcrích agus fianaise ann, agus nuair a chuirfear caiteachas deimhnithe ar fáil do Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin.
Níor cheart iarratais a chur isteach ach amháin chun tionscadail a mhaoiniú ar féidir iad a chomhlánú go hiomlán, a dheimhniú agus cuntas a thabhairt orthu faoi dheireadh mhí na Nollag 2024.
Ní mór do thionscadail rathúla rannpháirtíocht le daoine óga a léiriú chomh maith lena dtuairimí nó a mianta, agus ní mór éisteacht leo trí chomhairliúchán díreach le linn dhearadh, sheachadadh agus mheastóireacht an chláir/an tionscadail. Is féidir é sin a chur in iúl cibé bealach a roghnaíonn iarratasóir.
Beidh ar iarratasóirí cloí le bearta monatóireachta agus rialaithe agus dul i ngleic leo chun a chinntiú go bhfuil bainistíocht ghairmiúil agus cuntasacht deontas ó Chistí an Státchiste i gcomhréir le Ciorclán 13/2014 na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
Déanfar gach iarratas ar an scéim a mheas agus beifear ag súil go síneoidh soláthraithe/eagraíochtaí seirbhíse ceadaithe is iarratasóir Comhaontú Leibhéal Seirbhíse le Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin.
Cuirfear moill ar iarratais a chuirtear isteach le faisnéis neamhiomlán. B'fhéidir nach mbeifear in ann iarratais den sórt sin a mheas, agus mar thoradh air sin d'fhéadfadh go gcaillfeadh an t-iarratasóir an deis a bheith sa scéim.
Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha.
Socróidh Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin meastóireacht ar an scéim deontais chun tionchar na ndámhachtainí deontais faoin scéim a thomhas. Ní mór do gach iarratasóir rathúil páirt a ghlacadh sa phróiseas meastóireachta.
Ceanglaítear ar Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin aon chistí a eisítear nach n-úsáidtear chun na gcríoch faoinar bronnadh deontas a aisghabháil.
Ag céim an cheadaithe, iarrfar ar iarratasóirí an méid seo a leanas a chur ar fáil: (mura bhfuil siad ar chomhad le Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin cheana féin)
Cóip de ráiteas Sláinte agus Sábháilteachta a chur isteach.
Deimhniú um Chomhlíonadh Cánach.
Cóip den sceideal le haghaidh árachas dliteanais phoiblí. Ní mór d'iarratasóirí litir shlánaíochta a iarraidh ó árachóir, slánaíocht a thabhairt do Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin/ Óige Ildánach na Gaillimhe agus Ros Comáin i gcoinne aon éileamh ó thríú páirtí, lena n-áirítear an t-iarratasóir mar dheontaí, as aon tionóiscí, faillí nó teagmhais a d'fhéadfadh tarlú in áitreabh an iarratasóra, nó in áitreabh aon tríú páirtí a bhféadfadh an t-iarratasóir a bheith ag gabháil dó chun an tseirbhís a bhfuil iarratas á dhéanamh ag an iarratasóir ina leith a sheachadadh. Ba cheart d'árachóir an iarratasóra an litir seo a chur ar fáil saor in aisce don iarratasóir.
Deimhniú i scríbhinn go bhfuil an t-iarratasóir ag cloí leis an Acht um Thús Áite do Leanaí 2015.
Deimhniú i scríbhinn go bhfuil an t-iarratasóir ag cloí leis an Reachtaíocht um Chosaint Sonraí faoin Acht um Chosaint Sonraí 2018 (in Éirinn) / An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 2018 (san Aontas Eorpach).
Sula ndéantar maoiniú a tharraingt anuas, iarrfar ar iarratasóirí an méid seo a leanas a chur ar fáil:
Deimhniú gur iarradh cead tuismitheora/caomhnóra d'aon ghrianghraif, íomhánna nó saothair chóipchirt a roinntear le hÓige Ildánach na Gaillimhe agus Ros Comáin. Teastaíonn dhá íomhá ar a laghad uainn, íomhá ardtaifigh amháin agus íomhá ísealtaifigh amháin atá ceadaithe faoi chóipcheart chun críocha margaíochta.
Fianaise go bhfuil Treoirlínte Soláthair Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin ag an iarratasóir chun earraí agus seirbhísí a cheannach. (Cuirfear nósanna imeachta soláthair ar fáil).
Tuarascáil mheastóireachta tionscadail. Beidh ar iarratasóirí próiseas meastóireachta a chur san áireamh chomh maith le tuairisc a thabhairt ar aon tionscadal beartaithe a cháilíonn do dhámhachtain deontais. Pléifear é sin níos déanaí le hiarratasóirí rathúla.